Amhrán/Song: Plúirín na mBan Donn Óg

Amhrán grá is ea é seo ina bhfuil buachaill óg ag iarraidh cailín óg álainn a mhealladh leis go Co. Liatroma. Geallann sé a lán di, agus cuireann sé síos ar a háilleacht, ach diúltaíonn sí dul leis, mar ná fuil a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige di. B’fhéidir gur rud maith ann fhéin é sin, mar dá mbeadh sí imithe ina theannta, ní braithfeadh sé an t-iachall air fhéin an t-amhrán so a chumadh, agus ba bhoichte-de sinn ar fad in éamais an amhráin bhreá seo gan é bheith againn le canadh ná le héisteacht leis!

................................................................................................................

This is a love song about a young man who is trying to coax this beautiful young woman to come to Co. Letrim with him. He promises her the sun, moon and stars, and describes her beauty in no small detail, but he gets refused on the grounds that he has very little in the line of wealth. This in itself may not be a bad thing, because if she had gone with him, he might not have felt compelled to write the song, and we would all be the poorer for not having it to sing and to listen to…sweet is the use of adversity!

Plúirín na mBan Donn Óg

Dá dtiocfá liomsa go Condae Liatrom',
A phlúirín na mban donn óg,
Do bhéarfainn mil bheach is méad mar bhia dhuit,
A phlúirín na mban donn óg.
Bradáin gheala a thabharfainn aniar chughat,
Fíon agus beoir go leor ina ndiaidh siúd,
Cead codlata go socair i leaba chlúimh éan dhuit,
A phlúirín na mban donn óg.

Ó do chonaic mé chugam í trí láir an tsléibhe,
Mar a bheadh réaltán insa cheo,
Is do bhíos-sa ag caint is ag comhrá léithe,
Go ndeachamar go páirc na mbó.
Shuíomar síos cois taobh an fháil,
Go dtugas-sa di scríte trí mo láimh,
Ná beadh aon ní dá n-iarrfadh sí ná trialfainn dh'fháil,
Do phlúirín na mban donn óg.

Á, ní raghad-sa leat-sa, is ní maith dhuit bheith im iarraidh,
Dúirt plúirín na mban donn óg.
Mar ná coinneodh do bhriathra beo gan bhia mé,
Dúirt plúirín na mban donn óg.
Míle céad fearr liom bheith choíche gan fhear,
Ná bheith ag siúl drúchta na mbánta leat,
Is go dtug mo chroí-se grá agus gean duit,